Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 11:30

An Bíobla Naofa 1981

óir tá mo chuing so-iompair agus m'ualach éadrom.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Bealaí aoibhnis a bealaí, agus níl ina treo ach síocháin.

Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.

San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe.

Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”

Más ea, cad ab áil libhse bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar?

Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach:

An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.

D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.

Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí.

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.

Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí