A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.
Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”
Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;