Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 11:16

An Bíobla Naofa 1981

“Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?

An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!

á rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’

A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?

Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo.

agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,

Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi?

“Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.

Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí