Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.
Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.
agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”
Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.
Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
D'iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: “A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?”
Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais.
Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,
Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.
Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d'Eoin a sheirbhíseach;
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.
Mise, Eoin, a chuala agus a chonaic na nithe seo. Nuair a chuala agus a chonaic mé, chaith mé mé féin ag cosa an aingil a d'fhoilsigh na nithe seo dom chun é a adhradh.