Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 10:14

An Bíobla Naofa 1981

Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n‑éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ansin chroith mé amach urlach m'fhallainge á rá: “Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!” Agus d'fhreagair an comhthionól go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.

agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh.

Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.

Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”

“Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”

agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”

Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”

Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”

Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam.

Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”

Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí