Bhí Uiziá rí ina lobhar go lá a bháis agus mhair sé i dteach leis féin gan cead isteach aige i dTeampall an Tiarna, de bharr a lobhra. Bhí a mhac Iótám i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar phobal na tíre.
Bhí Iótám cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair.