Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 1:5

An Bíobla Naofa 1981

ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón;

ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;

mhic Iseái, mhic Ióbéid, mhic Bhóas, mhic Shalá, mhic Náiseon,

Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.

Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?

D'fhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna.

Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.

ghin Salmón Boaz; ghin Boaz Óbaed;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí