Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 1:3

An Bíobla Naofa 1981

ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram;

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: “Fill abhaile ar d'athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá” - mar is é a bhí ina aigne aige: “Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.” D'imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar.

Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar.

Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d'éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b'iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan.

Clann mhac Iúdá: Bearna, Heazrón, Cairmí, Húr, Seobál.

De chlann mhac Zearach: Iúéil agus a ngaolta: sé chéad nócha.

Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;

ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón;

mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnái, mhic Easróm, mhic Fhearas, mhic Iúdá,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí