Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”
Má luíonn fear le bean agus a chuid féin a dhéanamh di, nuair is leannán daoirsí le duine eile í, gan cheannach gan saoirse, bíodh seisean freagrach sa bhradaíocht ar chearta, ach ná cuirtear chun báis é mar nach raibh sise saor.
Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.
óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”
Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mb'fhéidir.