d'fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?”
agus labhair sé leo: “Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia domsa, áfach, gan duine mínaofa ná neamhghlan a thabhairt ar neach ar bith.
Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?
Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.