Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Marcas 4:2

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé mórán nithe a theagasc dóibh i bparabail, agus dúirt sé leo ina chuid teagaisc:

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint.

Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.

Tháinig na deisceabail chuige á rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?”

Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc;

Ar fhagáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé á dteagasc arís mar ba ghnách leis.

Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíonghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch.

Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,

Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach?

Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,

“Éistigí liom! Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí