Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Marcas 4:1

An Bíobla Naofa 1981

Thosaigh sé ag teagasc cois na farraige uair eile, agus bhailigh slua chomh líonmhar sin chuige go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti ar farraige, agus bhí an slua go léir le hais na farraige ar an talamh.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé amach arís cois na farraige, agus bhí an slua go léir ag teacht chuige agus eisean á dteagasc.

Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,

Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air.

Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.

agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann

Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí