Ní túisce a d'fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.
Chuir sé chun siúil as sin agus d'imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.
Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ”
Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair.
Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.