Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama.
Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain, tháinig Máire Mhaigdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe.
Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh.
Agus bhí siad á rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?”
An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu.
Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.