Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Marcas 15:3

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineann le balbhán nach n‑osclaíonn a bhéal;

Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.

Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.

D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Tá sé ráite agat.”

D'fhiafraigh Pioláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat á thabhairt? Féach a bhfuil acu á gcur i do leith!”

Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phioláit.

Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí