Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Marcas 13:1

An Bíobla Naofa 1981

Ag dul amach as an Teampall dó, dúirt duine dá dheisceabail leis: “Féach, a Mháistir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Dúirt Irimia mar sin le Saráiá: “Nuair a thiocfaidh tú don Bhablóin, déan cinnte de go léifidh tú amach na briathra seo go léir.

Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d'éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.

D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí