Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Marcas 1:30

An Bíobla Naofa 1981

Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi.

Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.

Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.

agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá m'iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.”

Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”

Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí