Malaicí 2:2An Bíobla Naofa 1981Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith. Féach an chaibidil |
“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.
Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”