Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach - más sibhse a rinne an rud seo - an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua.
D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.
Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?
“Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”
Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim.
Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).
Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”
Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.