Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn.
Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.
Rachaidh an mhuintir a chónaíonn i mbailte Iosrael amach agus cuirfidh siad na hairm seo trí thine, na lúireacha agus na cruinnsciatha, na boghanna agus na saigheada, na bataí agus na sleánna. Lasfaidh an tine leo ar feadh seacht mbliana,
Beidh sé féin ina údar síochána; nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír, nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha, músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.
Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad.