Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Malaicí 1:1

An Bíobla Naofa 1981

Oracal. Briathar an Tiarna d'Iosrael trí bhéal Mhalaicí.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.

“Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’

Oracal i dtaobh Nínivé. Leabhar fhís Nahúm, an tEalcóiseach.

Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís.

Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:

ar an aonú lá is fiche den seachtú mí, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:

Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

Oracal. Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác, agus tá foslongfort aige sa Damaisc, - mar is leis an Tiarna cathracha uile Arám faoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.

Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí