ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú, ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe.
Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”
Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”
Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”
Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”
D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”