Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 9:48

An Bíobla Naofa 1981

agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.

“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.

Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo.

Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’

“Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”

An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail.

ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

“Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean.

Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”

An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.

Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n‑ardódh sé sibh i dtráth.

Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain.

An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí