Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 9:44

An Bíobla Naofa 1981

“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”

Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.

“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.

“Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”

agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.

Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine.

Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí.

Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.

Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”

agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”

D'fhreagair Íosa iad: “An gcreideann sibh anois?

D'inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t‑am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair.

D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”

Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.

Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí