Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?” - a deir Tiarna na Slua.
Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”
Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”
Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.
Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.