D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”
Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?
Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.”
D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?
Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”
Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.
Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’?
Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”
Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.
Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.