Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin.
“Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.
Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.
Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh.
Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”
Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.