Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 9:38

An Bíobla Naofa 1981

Agus bhí duine den slua d'éigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus dúramar le d'onóir: ‘Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.’

“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.

Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”

Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.

Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin.

agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh.

Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí