agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Trí chreideamh labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus d ordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.
Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain.