Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 9:27

An Bíobla Naofa 1981

Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”

Deirim libh go fírinneach, nach n‑ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”

Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”

Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.”

Is iomaí áras i dteach m'Athar. Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,

Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n‑imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.

Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí