Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.
Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.