D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
Roinn sé orthu é. D'ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.
de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar, agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.
Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;
Caitheann an fíréan a sháith, ach bíonn goile an urchóidigh follamh.
Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.