Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 9:16

An Bíobla Naofa 1981

Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

D'ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d'altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” - focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.”

Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”

Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.

Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu.

D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.

Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc.

Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.

Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe.

An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.

Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím? 31 Dá bhrí sin cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t‑iomlán chun glóire Dé.

agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”

Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí