Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.
Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’
Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.
Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”
Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh?
Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.