Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.
Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’
“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.