Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.