Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí.
Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.
Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.
Péist is ea mise; ní duine mé: táim i mo sceith béil ag na daoine agus i m'ábhar aithise ag an bpobal.
ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.
“Imígí libh,” ar seisean, “ní marbh atá an cailín; ina codladh atá sí,” ach bhí siad ag magadh faoi.
Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.
Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”
Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!”
Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”