Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:52

An Bíobla Naofa 1981

Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

agus d'éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh.

Bhí dealramh ghlóir an Tiarna mar thine loiscneach ar mhullach an tsléibhe os comhair súile chlann Iosrael.

“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.

á rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’

Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.

Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n‑uchta.

Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí.

Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí