Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:5

An Bíobla Naofa 1981

“Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid de le hais an bhóthair agus gabhadh de chosa ann, agus d'ith éanlaith an aeir é.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu.

Is beag ort a n‑imíonn ó do reachtanna; toisc gur bréagach a mbeartas.

D'fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine.

“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.

Na daoine seo le hais an bhóthair, mar a shíoltar an briathar, is daoine iad agus nuair a chluineann siad, tagann Sátan láithreach agus tógann an briathar a shíoltar iontu.

Nuair a bhí slua mór tagtha le chéile, agus daoine ag triall air as gach cathair, labhair sé i bhfoirm parabail:

Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d'fheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.

Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí