Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:49

An Bíobla Naofa 1981

Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”

Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;

Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”

Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa

agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; -

Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí