Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:43

An Bíobla Naofa 1981

Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Bhuail drochghalar Ásá sna cosa an naoú bliain tríochad dá réimeas, agus ghéaraigh ar an ngalar. Ach ina ghalar ní dheachaigh sé i muinín an Tiarna ach i muinín dochtúirí.

Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!

Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde, óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.

Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó?

Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.”

agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.”

Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith.

Agus an bhean seo, is iníon d'Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”

Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.

óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air.

tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach.

Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.

Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d'oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.”

agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.

An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d'aois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí