Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”
Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu á rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.”
Ach rug siadsan go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach. Ach bhí Gaillión beag beann ar na nithe sin.
Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.