Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:34

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus d'inis sa chathair é agus sna feirmeacha.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d'inis siad an scéal go léir do na hardsagairt.

Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d'inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh.

Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus d'inis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla.

Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad.

Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí