Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:20

An Bíobla Naofa 1981

Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b'áil leo thú a fheiceáil.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.

Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua.

D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”

Lean siadsan go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre.

Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?

ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí