Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 8:10

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.

mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.

Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.

“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.

“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.

San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.

Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,

chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”

“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”

Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta

Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.

ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos.

Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé,

Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí