Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 7:8

An Bíobla Naofa 1981

Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta.

Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”

Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: “Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.”

Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí.

“Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix.

Rinne na saighdiúirí mar a dúradh leo agus thóg siad Pól agus rug leo san oíche é chomh fada le hAntapaitris.

D'ordaigh sé don taoiseach céad é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air.

Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é - agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe - i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.

A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí