Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.
Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”
Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”