Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos.
Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.
Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis.
Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é.
Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”
Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”
Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh.
Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa.
Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.
Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa.