Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 7:44

An Bíobla Naofa 1981

Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.

“A mhaithe,” ar sé, “iarraim oraibh teacht i leataobh go teach bhur searbhónta, agus an oíche a chaitheamh ann, agus bhur gcosa a ionladh. Ar maidin ansin ní miste daoibh éirí go moch agus cur chun bóthair arís.” “Ní dhéanfaimid,” ar siadsan, “ach an oíche a chaitheamh ar an tsráid.”

Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n‑asail;

Ansin dúirt Dáiví le hÚiriá: “Gabh síos chun do thí agus bíodh spraoi agat.” D'fhág Úiríá an pálás agus cuireadh bronntanas ón rí ina dhiaidh.

agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n‑ungadh leis an ola chumhra.

D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim.

agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.

Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?

Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin d'ith agus d'ól.

D'éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí