Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 7:43

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó.

Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.

Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.

Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí